Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 63
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Salm 63:1-11

Sailm

Cíocras an Anama chun Dé

Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.

63 [63:2] A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,

tá íota tharta ar m’anam chugat.

Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat

amhail talamh túr tirim gan uisce.

2 [63:3] Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa

d’fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.

3 [63:4] De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,

canfaidh mo bheola do mholadh.

4 [63:5] Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú

agus ardóidh mé mo lámha i d’ainmse.

5 [63:6] Líonfar m’anam mar a líonfaí le fleá é,

agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.

6 [63:7] I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,

bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;

7 [63:8] óir ráinig tú i do chúntóir agam,

agus gairdím faoi scáth do sciathán.

8 [63:9] Tá m’anam ag cloí go dlúth leat,

agus coinníonn do dheaslámh suas mé.

9 [63:10] An dream atá ar tí m’anama chun a scriosta,

rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.

10 [63:11] Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad

agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.

11 [63:12] Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas,

agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean,

ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn