Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 64
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Salm 64:1-10

Sailm

Lucht na Tromaíochta

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

64 [64:2] Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia;

cosain mo bheo ar eagla an namhad.

2 [64:3] Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna,

ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.

3 [64:4] Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomh

agus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada;

4 [64:5] scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan,

’s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.

5 [64:6] Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte

’s iad i gcogar le chéile go folaitheach,

á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:

6 [64:7] cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?”

Ach an té sin a thóraíonn an aigne,

arb eol dó rúndiamhra an chroí –

7 [64:8] scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann,

agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.

8 [64:9] A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh,

agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.

9 [64:10] Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin,

inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia,

agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.

10 [64:11] Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna,

rachaidh sé ag triall air faoi dhóchas

agus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn