Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 66
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Salm 66:1-20

Sailm

Ollmhaitheas Dé

Don stiúrthóir. Amhrán. Salm.

66 Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile,

2 canaigí Salm le hurraim dá ainm.

Tugaigí moladh agus glóir dó;

3 Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d’oibreacha!

Tá de mhéid do nirt, a Thiarna,

go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.

4 Umhlóidh an domhan uile i d’fhianaise

agus canfaidh siad Salm do d’ainm.”

Selah

5 Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé –

na héachtaí a rinne sé idir daoine.

6 Rinne sé talamh tirim den mhuir

ionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn;

déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.

7 Rialaíonn sé lena chumhacht go brách;

bíonn a shúile ag faire na náisiún

sula n-éireodh lucht ceannairce ina éadan.

8 Beannaígí dár nDia, a chiníocha,

go gcluintear a mholadh os ard,

9 óir is é a thug beatha dár n-anam

agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.

10 Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn,

mar a thriailtear an t-airgead sa tine.

11 Sheol tú isteach sa líon sinn

gur leag tú tromualach anuas orainn.

12 Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainn

go ndeachamar trí thine is trí uisce;

ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.

13 Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom;

leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna –

14 na móideanna a gheall mé ó bhéal duit

agus a chan mo theanga le linn mo bhuartha.

15 Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthe

mar aon le deatach reithí dóite;

ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit.

16 Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh,

go n-inseoidh mé a ndearna sé do m’anam.

17 Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéal

agus rinne mé a mholadh le mo theanga.

18 Dá gcothóinn an urchóid i mo chroí

ní éistfeadh an Tiarna liom.

19 Ach d’éist mo Dhia go dearfa;

thug sé aire do ghlór mo ghuí.

20 Moladh le Dia nár eitigh mé ar m’achainí,

agus nár tharraing a bhuanghrá uaim.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn