Sailm
Buíochas le Dia as ucht an Fhómhair
Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán.
67 [67:2] Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn;
taispeáin dúinn solas do ghnúise.
2 [67:3] Chun go n-aithneofaí do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún go léir.
3 [67:4] Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
4 [67:5] Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas
toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,
[Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas];
treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah
5 [67:6] Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
6 [67:7] Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach;
agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.
7 [67:8] Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn
agus gurab eagal le críocha na cruinne é!