Laoi na Laoithe
4 Nach álainn tú, a rún,
nach álainn!
do shúile is coilm iad.
Laistiar de do chaille
folt mar thréad gabhar
anuas Cnoc Ghileád.
2 D’fhiacla mar thréad lomtha
aníos as an loch nite,
cúpla uan ag gach caora
agus gan caora díobh seasc.
3 Snáth craorag do bheola,
do chomhrá ró-aoibhinn.
Leathbhró ghránúill do ghrua
laistiar de do chaille.
4 Túr Dháiví do mhuineál,
daingean cosanta,
míle sciath ar crochadh air,
éide chatha na gcuradh.
5 Do dhá chíoch mar dhá oisín,
cúpla aon eilite,
ag innilt i measc bláthanna.
6 Go séide lá,
go scaipe scáth
rachaidh mé go cnoc an mhirr,
go tulach na túise.
7 Álainn tú ar fad, a rún;
atá tú gan cháim.
8 Tar as an Liobáin, a bhrídeach,
tar as an Liobáin isteach.
Féach anuas ó mhullach Amáná,
ó mhullach Sheinír agus Hearmón,
ó fhásach na leon,
ó shliabh na liopard.
9 Shaobh tú mo chiall,
a shiúr, a bhrídeach,
shaobh tú mo chiall,
le silleadh ó shúil leat,
le haon seoid de do chuibhreach brád.
10 Nach aoibhinn do ghrá,
a shiúr, a bhrídeach,
nach blasta do ghrá ná fíon,
nach cumhra iad do chumhrachtaí
ná spíosraí an domhain!
11 Béilín meala, a bhrídeach,
mar an criathar ag sileadh;
mil agus bainne
faoi do theanga go cinnte;
boladh cumhra ar d’éadach
mar chumhracht na Liobáine.
12 Gort i lios tú,
a shiúr, a bhrídeach,
gort i ráth,
tobar i gcomhad.
13 Gránúlla go tiubh ann
agus togha gach toraidh
ó shruthanna an tobair.
14 Spiocnard agus cróch ann,
giolcach chumhra agus cainéal,
gach crann i bhfuil roisín,
miorr agus fóifíneach,
agus togha gach cumhrachta.
15 Tobar i ngort
aníos as an talamh,
nó sruth as an Liobáin.
16 Éirigh a ghaoth aduaidh,
gluais, a ghaoth aneas,
séidigí trí mo ghairdín
go leatha a chumhrachtaí.
Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,
blaiseadh sé togha gach toraidh ann.