Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Laoi na Laoithe 5
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Laoi na Laoithe 5:1-16

Laoi na Laoithe

5 Seo isteach i mo ghort mé,

a shiúr liom, a bhrídeach,

ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim,

ag ithe mo mheala agus mo chriathair,

ag ól m’fhíona agus mo bhainne;

ithigí, a chairde, ólaigí,

déanaigí meidhir, a chairde cumainn.

2 I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht;

cluinim mo ghrá ag an doras:

“Oscail dom, a shiúr, a rún,

mo cholúr gan éalang,

óir is báite mo cheann i ndrúcht,

is fliuch m’fholt ón oíche.”

3 Ach, táim tar éis baint díom;

an gá dom cur orm arís?

Tá mo chosa nite agam;

an gcaithim a sailiú arís?”

4 Shín mo ghrá a lámh isteach

i bpoll na heochrach;

chorraigh mo chroí i mo chléibh.

5 D’éiríos féin

go n-osclóinn do mo ghrá.

Bhain miorr fliuch le mo láimh,

fíormhiorr le mo mhéar,

ó bhacán an ghlais.

6 D’osclaíos do mo ghrá

—bhí mo ghrá imithe;

bhain sin an t-anam asam.

Loirg mé é agus ní bhfuair,

ghlaoigh—níor fhreagair sé.

7 Theagmhaigh liom na gardaí

ar a gcuairteanna tríd an mbaile.

Bhuail siad mé, agus ghoin,

srac siad díom mo bhrat,

lucht faire an bhaile.

8 Achainím oraibh,

a iníona Iarúsailéim,

má fhaigheann sibh mo ghrá—

cad a inseoidh sibh dó uaimse?

Go bhfuil galar an ghrá orm.

9 Cad iad buanna do ghrá-sa,

a phlúr na mban.

Cad iad buanna do ghrá-sa

go n-iarrann tú an achainí sin orainn?

10 Dearg agus bán do mo ghrá;

d’aithneófá i measc mílte é.

11 A cheann mar ór leáite,

a dhlaoithe mar an phailm,

chomh dubh leis an bhfiach.

12 A shúile mar an colm

ar bhéal coire uisce

á ní féin as bainne

i [gCoire na Mara].

13 A ghiall mar spíosraí,

ceapach luibheanna cumhra.

A bheola mar bhláthanna,

ag sileadh mirr chumhra.

14 Buinní óir ar a lámha

go n-iliomad flannchloch.

A chabhail mar an t-éabann bán,

agus í breac le saifírí.

15 Galláin mharmair a chosa

ar fhothaí óir ag seasamh.

Cosúil é leis an Liobáin,

togha na gcrann céadrais.

16 Is é an binneas a fhriotal,

is mealltacht é uile.

Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,

a iníona Iarúsailéim.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn