Íseáia
21 Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige.
Gairfean chugainn
ar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt,
ag teacht isteach as an bhfásach,
isteach as tír an uafáis
2 —is scáfar an fhís a fuair mé—
tá fear na creiche i mbun creiche,
tá an sladaí ag slad.
“Suas leat, a Éalám,
suas chun an léigir libh, a Mhéideacha!
Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”
3 Is uime sin atá mo chorróga
ar bhall amháin creatha;
fuair na freanga greim orm,
mar bheadh freanga mná seolta;
tá mé róbhuartha le cloisint,
róscanraithe le feiceáil.
4 Tá mearbhall ar mo chroí;
tá scaoll orm de bharr an chreatha;
an clapsholas a raibh mé ag dréim leis,
is cúis chearthaí dom é.
5 Tá an bord á chóiriú
agus á chlúdach le héadach;
táthar ag ithe agus ag ól ...
Suas libh, a cheanna feadhna!
Smearaigí bhur sciath.
6 Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom:
“Gabh agus cuir fear i mbun faire,
fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.
7 Feiceann sé marcshlua,
marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt,
marcaigh ar asail, marcaigh ar chamaill.
Tá sé ag airdeall, ag airdeall go haireach.”
8 Scairt an fear faire ansin:
“Ar thúr na faire, a Thiarna,
tá mé i mo sheasamh an lá ar fad,
agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda.
9 Féach, seo chugainn an marcshlua,
na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.”
Agus tháinig an freagra ar ais:
“Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár,
agus dealbha a cuid déithe uile
ina smionagar ar talamh.”
10 A phobal liom atá do do bhualadh
i do choirce ar an láithreán buailte,
an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael,
is é atá á fhógairt agam duit.
11 Fáistine i dtaobh Eadóm.
Táthar ag glaoch orm as Saeír:
“A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?
A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”
12 Is é freagra an fhir fhaire:
“Chugainn an mhaidin,
agus an oíche arís ina diaidh.
Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí;
ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.
13 Fáistine fá choinne an mhachaire.
A bhuíonta fáin na nDéadánach,
arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh,
14 tugaigí uisce libh in airicis lucht an íota;
a mhuintir Théamá, amach libh le bia ar chionn na dteifeach.
15 Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh,
ó fhaobhar an chlaímh,
ón mbogha agus é lúbtha,
agus ó bhroid an chatha.
16 Is ea, labhair an Tiarna liom mar seo: “Bliain amháin eile, a háireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, agus beidh críoch le glóir agus le neart Chéadár. 17 De líon lucht na mboghanna, de ghaiscígh chlann Chéadár, is beag a bheidh fágtha, óir is é an Tiarna, Dia Iosrael, a dúirt é.”