Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 22
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Íseáia 22:1-25

Íseáia

22 Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom.

Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad

ar bharr na dtithe,

2 a chathair an challáin, a bhaile na círéibe,

agus tú lán de ghairdeas?

Ní coscar claímh do choscar,

ná ní sa chath a thit do chuid marbh;

3 tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn,

ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh.

An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh,

tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.

4 Is ar an ábhar sin a deirim:

“Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt;

ná bígí ag brú sóláis orm

i ndíothú iníon mo mhuintire.”

5 Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn,

agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é.

Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan,

táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.

6 Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead,

agus Arám ag dul sa diallait;

tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.

7 An chuid is áille de do ghleannta,

tá siad breac le carbaid;

tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.

8 Agus sin críoch le cosaint Iúdá.

Bhí do shúil an lá sin

le harmlann Áras na Foraoise.

9 Bhreathnaigh sibh chomh líonmhar

agus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví.

Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.

10 Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas,

agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.

11 I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr

faoi choinne uisce na Seanlinne.

Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir

ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t-iomlán fadó riamh.

12 Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin

chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach,

chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.

13 Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult,

mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt,

feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh:

“Ithimis agus ólaimis,

mar beidh an bás againn amárach.”

14 Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua:

“Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo,

go dtí go bhfaighe sibh bás,”

a deir an Tiarna Dia na Slua.

15 Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua:

“Imigh leat chuig an feidhmeannach seo,

chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:

16 ‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo

go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann,

ag gearradh amach tuama ar an ard,

ag snoí seomra duit féin sa charraig?’

17 Féach, steallfaidh an Tiarna amach thú

d’aon steall amháin;

tá sé ag dul i ngleic agus i ngreim leat.

18 Corann agus cornann sé thú i do chorna,

agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach.

Is ann a gheobhaidh tú bás,

agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu;

tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.”

19 Brisfidh mé as do phost thú,

as d’ionad stróicim thú anuas;

20 agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach,

Eiliácaím mac Hilciá.

21 Tá mé chun a ghléasadh i d’ionarsa,

chun é a fheistiú le do shursaing,

agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,

agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim,

agus ag teaghlach Iúdá.

22 Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;

má osclaíonn sé, ní dhúnfar;

má dhúnann, ní osclófar.

23 Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:

déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.

24 Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as—idir shíol agus shliocht—na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní. 25 Sa lá sin—briathar Thiarna na Slua—tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t-ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn