Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 3
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
An Bíobla Naofa
Íseáia 3:1-26

Íseáia

3 Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua,

ag dul an uile chrann taca a bhaint

de Iarúsailéim agus de Iúdá,

(taca aráin agus taca uisce);

2 gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh,

fear feasa, seanóir, 3 ceann feadhna, ceannasaí,

comhairleoir, draoi agus ceard.

4 “Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh,

agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.”

5 Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile

agus sin idir comharsana;

an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine,

agus an daoscar leis an uasal,

6 ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar:

“Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn,

agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.”

7 Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin:

“Ní fear leighis mise,

níl arán ná brat i mo theach;

ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”

8 Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht,

tá Iúdá ag titim i bhfothracha,

óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna,

is masla iad ar a ghlóir.

9 A sotal féin, is fianaise ina n-éadan é,

déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom.

Is trua a gcás,

mar rinne siad a gcreachadh féin.

10 Abraigí: “Is méanar don fhíréan,

mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;

11 Is mairg don ainbheartach, tá an t-olc anuas air,

caithfear leis de réir saothar a lámh.”

12 A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra

agus faoi anfhorlann ag mná.

A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán

agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.

13 Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais,

tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú.

14 Tá an Tiarna ag daoradh

seanóirí agus prionsaí a phobail.

“Is sibhse a chreachann an fíonghort

agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.

15 Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh,

agus aghaidh na mbochtán a bhrú?”

Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.

16 Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais

iníonacha Shíón,

mar go siúlann siad lena gceann suas

agus iad ag caitheamh catsúile,

mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim,

ag baint ceoil as a bhfáinní coise,

17 Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach

agus a náire tarnocht.”

18 Sa lá sin, tabharfaidh an Tiarna chun siúil fáinní múrnáin, corráin, síogairlíní, 19 bráisléid, caillí, filléid, 20 cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí, 21 fáinní, sróiníní, 22 éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin, 23 scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.

24 In ionad an chumhráin, lofacht;

in ionad creasa, súgán;

in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha,

agus mar éide mhaiseach, éadach róin;

in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.

25 Titfidh do chuid fear leis an gclaíomh,

agus do ghaiscígh sa choimheascar.

26 Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní;

agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn