Íseáia
4 Agus béarfaidh seachtar ban greim
ar aon fhear amháin, an lá sin:
“Gheobhaimid bia dúinn féin,” a déarfaidh siad,
“agus cuirfimid éadaí orainn féin;
ach lig dúinn d’ainm a thabhairt orainn féin,
tóg dínn cúis ár náire.”
2 Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna
faoi loinnir agus faoi mhaise,
agus toradh na talún
mar ghlóir agus mar scéimh
ag iarmhar Iosrael.
3 An dream a mhairfidh de Shíón,
fuíoll áir Iarúsailéim
tabharfar naoimh orthu uile
agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.
4 Truailliú iníon Shíón,
nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna,
agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh
le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,
5 tiocfaidh an Tiarna a chónaí
i ngach uile chuid de Shliabh Shíón
agus orthu siúd a thagann le chéile ann,
ina néal agus ina dheatach de lá,
agus d’oíche, ina chaor thine luisneach.
Óir os a chionn ar fad, beidh glóir an Tiarna
ina léibheann 6 agus ina both
chun scáth a thabhairt sa lá in aghaidh an teasa,
agus chun bheith ina tearmann agus ina dídean in éadan báistí agus stoirme.