Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Hóisé 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Hóisé 12:1-14

Hóisé

12 [12:2] Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe,

agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir.

Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois:

déantar conradh leis an Asaír,

agus beirtear cáin ola don Éigipt.

2 [12:3] Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael.

Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób,

agus agróidh sé air a ainghníomhartha.

3 [12:4] Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir,

agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.

4 [12:5] (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.)

Ghoil sé agus d’agair sé trócaire air.

Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.

5 [12:6] (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)

6 [12:7] Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile;

ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart,

agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.

7 [12:8] Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán;

is breá léi éagóir a dhéanamh.

8 [12:9] “Ach ina dhiaidh sin féin,” arsa Eafráim,

“d’éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam,

agus d’ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam,

a bhféadfaí coir a thabhairt air.”

9 [12:10] Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú

as críocha na hÉigipte,

ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna

faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.

10 [12:11] Labhróidh mé leis na fáithe,

agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh;

trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.

11 [12:12] Gileád! is í an urchóid í!

níl iontu ach calaois!

I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh!

Dá bhrí sin beidh a n-altóirí cosúil le cairn chloch

i gclaiseanna na ngort.

12 [12:13] Theith Iacób go dtí críocha Arám;

bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin,

agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.

13 [12:14] Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt,

agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é.

14 [12:15] Chuir Eafráim le fearg ghéar ghoirt é áfach.

Dá dheasca sin ligfidh a Thiarna dá fheallbhearta fola filleadh air,

agus tabharfaidh sé tomhas a láimhe féin dó

in éiric na maslaí a thug sé dó.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn