Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Hóisé 13
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Hóisé 13:1-16

Hóisé

13 Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine:

óir ba cheannasach in Iosrael é.

Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál

agus tá sé ag fáil bháis.

2 Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh;

déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin,

íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid,

ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe.

“Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad;

agus pógtar laonna!

3 Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine,

nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath,

nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte,

nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.

4 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte.

Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé,

ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

5 Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach,

i ndúiche an triomaigh mhóir.

6 Bheathaigh mé iad agus fuair siad a sáith,

ach nuair a bhí siad sách, tháinig éirí in airde ar a gcroí,

agus mar sin de rinne siad dearmad díomsa.

7 Chaith mé leo mar a dhéanfadh leon;

amhail liopard bhí mé ag faire orthu le hais an bhóthair.

8 Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin,

agus réab mé cochall a gcroí;

rinne madraí craos orthu ansin,

agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.

9 Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael!

Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?

10 Cá bhfuil do rí anois

chun tú féin agus do chathracha uile a shábháil?

Cá bhfuil do rialtóirí,

iad siúd a ndúirt tú fúthu: “Tabhair dom rí agus flatha”?

11 Thug mé rí duit le teann feirge,

ach le racht cuthaigh bainim uait é arís.

12 Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach,

agus tá a peaca curtha i dtaisce.

13 Tá tinneas clainne ag tosú di,

ach is páiste díchéillí í;

mar cé go bhfuil ionú a breithe ann,

ní thagann sí go béal na broinne.

14 Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad;

Sábhálfaidh mé iad ón mBás.

Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis?

Cá bhfuil do chealg, a Sheól?

Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.

15 Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire,

tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi,

gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach;

agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc.

(Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)

16 [14:1] Scriosfar an tSamáir,

mar bhí sí easumhal dá Dia.

Bás le faobhar a imreofar orthu;

déanfar smidiríní dá leanaí,

agus réabfar a mná torracha.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn