Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zacairia 3
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Zacairia 3:1-10

Zacairia

3 Ansin thaispeain sé dom an t-ardsagart Iósua agus é ina sheasamh os comhair aingeal an Tiarna. Bhí an tÁibhirseoir ina sheasamh ar a láimh dheas chun é a chúiseamh. 2 Dúirt aingeal an Tiarna leis an Áibhirseoir: “Go dtuga an Tiarna achasán duit, a Áibhirseoir! Go dtuga an Tiarna, a rinne rogha de Iarúsailéim, achasán duit! Nach aibhleog a sciobadh ón tine an fear seo?” 3 Is amhlaidh a bhí Iósua gléasta in éadaí salacha agus é ina sheasamh os comhair an aingil. 4 Thug an t-aingeal an t-ordú seo a leanas dá lucht freastail: “Bainigí na héadaí salacha de.” Dúirt sé le Iósua ansin: “Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.” 5 “Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,” ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe. 6 Thug aingeal an Tiarna an dearbhú seo a leanas do Iósua ansin: 7 “Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m’aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo. 8 Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt—tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair—óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht. 9 Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin. 10 An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn