Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zacairia 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Zacairia 4:1-14

Zacairia

4 D’fhill an t-aingeal a bhí ag caint liom agus dhúisigh sé mé mar a dhúisítear duine as a chodladh. 2 “Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d’ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh. 3 In aice leis tá dhá chrann ológ, ceann amháin ar an taobh deas de agus ceann eile ar an taobh clé.” 4 Labhair mé ansin leis an aingeal a bhí ag caint liom, á cheistiú: “Cad iad seo, a dhuine uasail?” 5 Mar fhreagra air sin dúirt an t-aingeal a bhí ag caint liom: “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise leis. 6 Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt:

Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua. 7 Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’” 8 Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: 9 “Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. 10 Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.” 11 Labhair mé leis arís, á rá: “Cad é an chiall atá leis an dá chrann ológ seo a bhfuil ceann díobh ar dheis an chrainn solais agus an ceann eile ar a chlé.” 12 Labhair mé leis aon uair amháin eile agus dúirt: “Cad iad an dá chraobh olóige seo a dhoirteann an ola tríd an dá phíopa óir?” 13 “Nach bhfuil a fhios agat cad iad seo?” ar seisean liom. “Níl ná a fhios, a dhuine uasail,” arsa mise. 14 Dúirt sé ansin: “Is iad seo an bheirt ungthach a bhíonn ina seasamh os comhair Tiarna an domhain uile.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn