Eoin
3 Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh. 2 Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” 3 D’fhreagair Íosa:
“Amen, Amen,” ar sé leis,
“mura nginfear duine athuair
ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
4 Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d’fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?” 5 D’fhreagair Íosa:
“Go deimhin féin a deirim leat,
mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad,
ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
6 An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í;
an ghin ón Spiorad is spiorad í.
7 Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:
‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’
8 Séideann an ghaoth mar is áil léi.
Is clos duit a glór,
ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.
A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
9 D’fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis. 10 D’fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
11 Go deimhin féin a deirim leat,
an ní is eol dúinn is air a labhraimid,
agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise,
ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
12 Má inis mé nithe talmhaí daoibh,
agus nach gcreideann sibh,
cén chaoi a chreidfidh sibh,
má insím nithe neamhaí daoibh?
13 Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh,
ach an té a tháinig anuas ó neamh,
Mac an Duine [atá ar neamh].
14 Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach,
sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,
15 i dtreo, gach duine a chreideann ann,
go mbeidh an bheatha shíoraí aige.
16 Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin
gur thug sé a Aonghin Mic uaidh
i dtreo, gach duine a chreideann ann,
nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.
17 Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol
a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol
ach chun go slánófaí an saol tríd.
18 An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,
ach an té nach gcreideann ann,
tá daorbhreith tugtha air cheana féin,
mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.
19 Agus an daorbhreith, is mar seo í:
mar gur tháinig an solas isteach sa saol,
agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas
de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.
20 Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,
bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,
le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.
21 Ach an té a dhéanann an fhírinne,
tagann sé chun an tsolais,
chun go dtaispeáinfí gur i nDia
a rinneadh a ghníomhartha.”
22 Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d’fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste. 23 Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad. 24 Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.
25 D’éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh. 26 Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.” 27 D’fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh. 28 Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’
29 An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile;
ach cara an chéile,
atá ina sheasamh ag éisteacht leis,
tagann racht áthais air de bharr guth an chéile.
An t-áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
30 Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú.
31 An té a thagann anuas tá sé os cionn cách.
An té atá ón talamh is ón talamh dó
agus is dá réir a labhraíonn sé.
An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.
32 An rud a chonaic sé agus a chuala sé,
déanann sé fianaise air,
ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise.
33 An té a ghlacann a fhianaise
chuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia.
34 Óir an té a chuir Dia uaidh,
labhraíonn sé briathra Dé;
mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.
35 Tá grá ag an Athair don Mhac
agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó.
36 An té a chreideann sa Mhac
tá an bheatha shíoraí aige.
Ach an té nach gcreideann sa Mhac,
ní fheicfidh sé an bheatha,
ach tá fearg Dé socair air.”