Eoin
4 Nuair a d’airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin— 2 fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail— 3 d’fhág sé Iúdáia agus d’imigh sé arís don Ghailíl. 4 Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.
5 Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. 6 Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. 7 Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” 8 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. 9 Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. 10 D’fhreagair Íosa:
“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,
“ agus cé hé a deir leat:
‘Tabhair dom deoch,’
is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,
agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
11 “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? 12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?” 13 D’fhreagair Íosa:
“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi,
“beidh tart arís air.
14 Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó,
ní bheidh tart air go brách na breithe.
Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó,
déanfaidh tobar uisce de istigh ann,
ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.”
15 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.” 16 Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.” 17 D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; 18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin.” 19 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. 20 Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.” 21 Dúirt Íosa léi:
“Creid uaimse é, a bhean
go bhfuil an uain ag teacht
nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim
a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22 Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;
adhraimidne an ní is eol dúinn;
mar is ó na Giúdaigh an slánú.
23 Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,
ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha
an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;
óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
24 Spiorad é Dia,
agus lucht a adhartha
is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
25 Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht”—is é sin le rá an Críost—“agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” 26 Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.” 27 Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” 28 Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: 29 “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” 30 Ghluais daoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31 Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” 32 Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” 33 Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” 34 Dúirt Íosa leo:
“Is é is bia domsa
toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh
agus a obair a chur i gcrích.
35 Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile
agus beidh an fómhar ann’?
Seo mise á rá libh:
Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;
tá siad geal chun an fhómhair.
36 Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin,
agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,
i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir
agus ar an mbuanaí in éineacht.
37 Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:
‘Cuireann duine, baineann duine eile.’
38 Sheol mise sibhse uaim
chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.
Shaothraigh daoine eile é,
agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
39 Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” 40 Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá. 41 Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair 42 agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
43 Tar éis an dá lá d’fhág sé an áit sin agus d’imigh don Ghailíl. 44 Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. 45 Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46 Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum. 47 Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d’iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. 48 Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.” 49 Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.” 50 Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d’imigh. 51 Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d’inis siad dó go raibh a mhac beo. 52 D’fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d’fhág an fiabhras é.” 53 Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.
54 Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.