Deotranaimí
33 Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó. 2 Dúirt sé:
Tháinig an Tiarna ó Shíonái,
agus d’éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír.
Dealraigh sé ó Shliabh Phárán;
tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis,
ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
3 Tusa a ghráigh na haithreacha,
is i do láimh atá na naoimh go léir.
Thiteadar ag do chosa,
agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.
4 (Leag Maois dlí orainn.)
Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.
5 Bhí rí in Isiriún,
nuair a thionóil ceannairí an phobail,
agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.
6 Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás,
go maire chomh maith a bheagán slua.
7 Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá:
Éist, a Thiarna, le glor Iúdá,
agus beir ar ais chun a mhuintire é,
go gcosnaí a lámha a chearta,
agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.
8 Dúirt sé faoi Léiví:
Tabhair do Léiví do Úirím,
agus do Thuimím don té dá dtug tú gean,
tar éis duit é a phromhadh ag Masá,
agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,
9 Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair:
“Ní fhaca mé iad.”
Ní aithnid dó a bhráithre,
ná níl aithne aige ar a chlann.
Sea, chomhlíonadar do bhriathar,
agus choimeádadar do chonradh go daingean.
10 Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób,
agus do dhlí do Iosrael.
Seolann siad túis i do láthair,
agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d’altóir.
11 A Thiarna, beannaigh a mhaoin
agus glac le saothar a lámh.
Basc leasracha a naimhde
agus a eascairde, ionas nach n-éireoidh siad arís.
12 Dúirt sé faoi Bhiniáimin:
An té is ionúin leis an Tiarna,
tá cónaí air gan bhaol ina fharraid.
Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go lá
agus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.
13 Dúirt sé faoi Iósaef:
Go mbeannaí an Tiarna a fhearann,
le togha dhrúcht neimhe,
agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos,
14 le togha thorthaí na gréine,
agus fhómhar trom gach míosa,
15 le togha thoradh na gcnoc ársa,
agus le flúirse ó na sléibhte ciana,
16 le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann,
le gean an té a lonnaigh sa Tor.
Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef,
an té a coisriceadh i measc a bhráithre.
17 Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir.
Adharca daimh allta a adharca
agus leosan sánn sé na pobail go léir
go himill an domhain.
Is mar sin leis na mílte ar mhílte d’Eafráim,
is mar sin le mílte Mhanaise.
18 Dúirt sé faoi Zabúlun:
Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,
agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna.
19 Déanann siad íobairtí conáigh,
ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;
óir blaiseann siad saibhreas na mara,
agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.
20 Dúirt sé faoi Ghád:
Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!
Luíonn sé mar bhanleon;
stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis.
21 Thogh sé an chéad roinn dó féin,
mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.
Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;
aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,
chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.
22 Dúirt sé faoi Dhán:
Coileán leoin é Dán,
ag lingeadh ó Bháiseán.
23 Dúirt sé faoi Naftáilí:
A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,
agus lán de bheannachtaí an Tiarna,
bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.
24 Dúirt sé faoi Áiséar:
Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;
gurb é muirnín a bhráithre é.
agus tumadh sé a chosa in ola!
25 Bíodh do bholtaí d’iarann agus de phrás
agus do neart comhfhad le do ré.
26 Níl aon neach mar Dhia, Isiriún;
tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha;
agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.
27 Sé Dia síoraí do thearmann.
Anseo thíos sé an lámh shíoraí é
ag tiomáint an namhad romhat;
eisean a deir: “Scrios iad.”
28 Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin;
toghtar tobar Iacóib
mar thír arbhair agus fíona;
sileann neamh féin an drúcht anuas
29 Nach méanar duit, a Iosrael!
Cé tá mar thú, pobal a d’fhuascail an Tiarna,
an té is sciath do dhídine,
agus claíomh do bhua.
Tocfaidh do naimhde ag lútáil ort,
ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.