Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Deotranaimí 34
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Deotranaimí 34:1-12

Deotranaimí

34 Ansin d’imigh Maois ó mhachairí Mhóáb agus ghabh Sliabh Neabó suas go mullach Phisceá, sall ó Ireachó, agus thaispeáin an Tiarna an tír ar fad dó: Gileád go Dán, 2 Naftáilí go léir, dúiche Eafráim agus Manaise, tír Iúdá go léir go dtí an Fharraige Thiar, 3 an Neigib agus fairsinge Ghleann Ireachó, cathair na gcrann pailme, go Zoar. 4 Dúirt an Tiarna leis: “Sin é an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn d’Abrahám, d’Íosác, agus do Iacób, á rá: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ Lig mé duit é a fheiceáil le do shúile cinn, ach ní rachaidh tú anonn isteach ann.” 5 Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d’achtaigh an Tiarna, 6 agus rinne sé é a adhlacadh sa ghleann, i dtír Mhóáb, sall ó Bhéit Peór; ach go dtí an lá inniu féin ní fios d’aon duine cá bhfuil a uaigh. 7 Bhí Maois céad agus a fiche bliain d’aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite. 8 Chaoin clann Iosrael Maois ar feadh tríocha lá ar bhánta Mhóáb; ansin bhí deireadh le caoineadh agus le holagón do Mhaois. 9 Líonadh Iósua mac Nún le spiorad na heagna mar leag Maois a lámha air. Ghéill clann Iosrael dó agus rinneadar de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Mhaois.

10 Níor éirigh in Iosrael ó shin fáidh mar Mhaois, an té a ba aithin don Tiarna gnúis le gnúis. 11 Cad é comharthaí agus iontais a chuir an Tiarna faoi deara dó a déanamh i dtír na hÉigipte in aghaidh Fhorainn agus a shearbhóntaí agus a thíre go léir! 12 Nár láidir í an lámh, agus nár mhór agus nárbh uafásach iad na héachta a nocht Maois os comhair Iosrael go léir!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn