Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 18
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 18:1-24

Seanfhocail

18 An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis

agus cuireann [comhairle d’aon sórt] fearg air.

2 Ní hé an machnamh is geal leis an amadán,

ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard.

3 Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith;

agus leanann an easonóir an masla.

4 Uiscí doimhne iad briathra an duine,

tuile bhrúchtach, foinse eagna.

5 Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach,

ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.

6 Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,

agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.

7 Scriosann béal an amadáin é féin,

agus is gaiste dó a bheola.

8 Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,

agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.

9 An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,

is deartháir é don scriosadóir.

10 Túr daingean ainm an Tiarna,

ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

11 A mhaoin is cathair thréan don saibhir;

is balla ard í, dar leis.

12 Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,

ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.

13 Baois agus náire is ea

freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.

14 Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar,

ach cé a d’fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?

15 Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas,

agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.

16 Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine,

agus tugann sé i láthair na bhflatha é.

17 Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl,

nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.

18 Cuireann an crann críoch le haighnis,

agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.

19 Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár;

is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.

20 Nuair a bhíonn goile duine lán is trí shaothar a bhéil féin

toradh a bhéil féin is sáith aige.

21 Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga;

an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.

22 An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas,

agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.

23 Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin,

ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir.

24 [Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste,

ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn