Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 145
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
An Bíobla Naofa
Salm 145:1-21

Sailm

Maorgacht agus Ollmhaitheas Dé

Salm Aibítreach.

Moltaí Dháiví.

145 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí;

agus molfaidh mé d’ainm trí shaol na saol.

2 Molfaidh mé thú in aghaidh an lae;

agus molfaidh mé d’ainm trí shaol na saol.

3 Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é;

ní féidir a mhórgacht a mhionransú.

4 Fógrófar d’oibreacha ó ghlúin go glúin

agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.

5 Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta;

agus inseofar d’éachtaí iontacha.

6 Labhrófar faoi do bhearta uafásacha;

beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.

7 Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa;

agus déanfar d’fhíréantacht a chanadh go háthasach.

8 Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach,

mall chun feirge, agus lán de thrua.

9 Is grámhar an Tiarna le gach aon neach;

tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.

10 Ceiliúrfaidh d’oibreacha uile thú, a Thiarna;

agus beannóidh do dhaoine dílse thú.

11 Canfaidh siad glóir-réim do ríochta;

agus foilseoidh siad uile do chumhacht,

12 ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoine

agus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.

13 Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol,

agus do cheannas go brách na breithe.

Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile;

agus is naofa é ina oibreacha go léir.

14 Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim;

agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.

15 Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa;

agus tugann tú bia dóibh in am trátha.

16 Osclaíonn tú do lámh go fialmhar;

agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.

17 Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile;

agus is naofa é ina oibreacha go léir.

18 Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air,

dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.

19 Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é;

éisteann sé lena n-éamh agus fóireann orthu.

20 Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó;

ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.

21 Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna

agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa;

go brách agus go síoraí suthain.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn