Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 41
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Salm 41:1-13

Sailm

Urnaí an Duine Bhreoite

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

41 [41:2] Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir;

saorfaidh an Tiarna é in am na buartha.

2 [41:3] Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamh

agus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde.

3 [41:4] Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnis

agus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.

4 [41:5] Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,

slánaigh m’anam de bhrí gur pheacaíos ort.”

5 [41:6] Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:

“Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”

6 [41:7] Tagann siad do m’fhéachaint le caradas bréige;

scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.

7 [41:8] Bíonn m’aos fuatha ag cogarnach le chéile i m’éadan;

bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom.

8 [41:9] “Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile,

“an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”

9 [41:10] Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín

agus a d’itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m’éadan!

10 [41:11] Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom;

déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo.

11 [41:12] Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom

nuair nach ndéanfaidh m’eascairde a mbua a mhaíomh orm.

12 [41:13] Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán mé

agus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé.

13 [41:14] Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael go brách.

Moladh leis ó aois go haois. Amen. Amen.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn