Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 102
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
An Bíobla Naofa
Salm 102:1-28

Sailm

Urnaí an Deoraí

Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.

102 [102:2] A Thiarna, éist le mo ghuí;

agus go dtaga mo ghlór ag triall ort.

2 [102:3] Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna,

an uair a bhím do mo bhuaireamh.

Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort;

éist liom go luath agus freagair mé.

3 [102:4] Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach;

tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.

4 [102:5] Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar;

rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.

5 [102:6] Bím ag caí agus ag gol go fuíoch;

bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.

6 [102:7] Is cosúil mé le peileacán san fhásach,

le hulchabhán i measc na bhfothracha.

7 [102:8] Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh,

mar éan ar dhíon tí ina aonar.

8 [102:9] Bíonn m’eascairde do mo mhaslú de shíor;

agus bíonn m’ainm ina eascaine ag mo naimhde.

9 [102:10] Óir ithim luaithreach mar a ithim arán;

agus meascaim mo dheoch le deora,

10 [102:11] de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile,

óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

11 [102:12] Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh;

tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.

12 [102:13] Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe;

maireann d’ainm ó ghlúin go glúin.

13 [102:14] Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón,

óir is mithid duit trua a dhéanamh di,

toisc gur tháinig a hionú isteach.

14 [102:15] Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha;

agus is trua leo fiú amháin a fothracha.

15 [102:16] Beidh eagla ar na ciníocha roimh d’ainm, a Thiarna;

agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.

16 [102:17] Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón,

nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,

17 [102:18] claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh;

agus ní eiteoidh sé a n-achainíocha chuige.

18 [102:19] Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht;

moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.

19 [102:20] “D’fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde;

bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.

20 [102:21] I dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach;

agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” –

21 [102:22] D’fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón,

agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

22 [102:23] nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile;

chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.

23 [102:24] D’ídigh sé mo neart sa tslí;

rinne sé mo laethanta a ghiorrú.

24 [102:25] Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil,

ná sciob mé leat i lár mo laethanta,

ós tú a mhaireann go brách na breithe.”

25 [102:26] Bhunaigh tú an talamh ar dtús;

is iad na flaithis saothar do lámh.

26 [102:27] Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa;

rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh.

Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;

27 [102:28] ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.

28 [102:29] Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan;

agus beidh a sliocht i do láthair go brách.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn