Sailm
Dia na Córa
Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví [54:2] nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”
54 [54:3] Slánaigh mé a Dhia, le d’ainm;
déan mo chúis a agairt le do neart.
2 [54:4] Éist, a Dhia, le m’urnaí,
tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.
3 [54:5] Óir d’éirigh lucht an díomais amach i m’éadan,
agus tá daoine gan trua ar thóir m’anama;
níl aird dá laghad acu ar Dhia.
Selah
4 [54:6] Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm;
tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam.
5 [54:7] Fillfidh an t-olc ar mo naimhde;
díothaigh iad as ucht do dhílse.
6 [54:8a] Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar,
agus molfaidh mé d’ainm toisc gur maith é.
7 [54:8b] Óir d’fhuascail tú ón uile thrioblóid mé
ionas go bhfaca mé mo naimhde á dtreascairt.