Sailm
Toirbhir do Dhia Íobairt an Mholta
Salm Ásáf.
50 Labhair an Tiarna – is é Dia na ndéithe é –
agus ghair sé chuige an chruinne.
2 As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;
3 Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.
Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach
agus anfa gaoithe ina thimpeall.
4 Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamh
go dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:
5 “Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair
a cheangail mo chonradh le híobairt.”
6 Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht
óir is é Dia é féin is breitheamh.
7 “Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,
tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;
óir is mise is Dia ann – do Dhiasa.
8 Ní de bharr d’íobairtí a cháinim thú:
bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.
9 Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theach
ná le pocaide gabhair de do thréada.
10 Óir is liom ainmhithe uile na coille
agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.
11 Is aithnid dom éanlaith an aeir
agus is liom a ngluaiseann sa mhachaire.
12 Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é,
óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.
13 An dóigh leat go n-ithimse feoil tarbh?
An measann tú go n-olaimse fuil gabhar?
14 Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia
díol do mhóideanna leis an Té is Airde.
15 Glaoigh orm ansin in am na hanacra;
saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”
16 Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:
“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairt
agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?
17 Ó tharla gur fuath leat mo dhlí
agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?
18 Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis
agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.
19 Tugann tú do bhéal don olc
agus cumann tú bréaga le do theanga.
20 Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit,
tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.
21 Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?
An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é?
Táim do do cheartú agus do do chúisiú.
22 Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé;
sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;
23 an té a ghabhann buíochas mar íobairt,
is é sin an té a thugann urraim dom;
agus don té a mhaireann gan cháim
taispeánfaidh mé slánú Dé.”