Ag Aimsiú na Síochána in Ainneoin Cogadh agus Coimhlint Fhoréigneach
“Sula ndearna mé staidéar ar an mBíobla,” arsa an t-iarshaighdiúir Gary, “níor thuig mé riamh an chúis go raibh an oiread sin cruálacht, éagóir, agus trioblóid sa domhan. Ach anois tá suaimhneas intinne agam. Tá a fhios agam gurb é Iehova Dia a dhéanfaidh áit shábháilte den domhan.”
Ní hé Gary an t-aon duine a mhothaigh mar seo. Déan machnamh ar an mbealach ar chabhraigh an Bíobla le daoine eile.
DEIR AN BÍOBLA: “Maithfidh mé [Iehova] a gcionta dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí feasta.”—Eabhraigh 8:12
AN CHAOI A gCABHRAÍONN SÉ SEO: “Tuigim ón véarsa seo go bhfuil Iehova trócaireach. Tá a fhios agam go bhfuil sé sásta maithiúnas a thabhairt dom as gach a ndearna mé nuair a ghlac mé páirt i gcogadh.”—Wilmar, an Cholóim.
DEIR AN BÍOBLA: “Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.”—Íseáia 65:17.
AN CHAOI A gCABHRAÍONN SÉ SEO: “Tá neamhord struis iarthrámach (PTSD) agus ísle brí orm de bharr mo chuid ama san arm. Ach meabhraíonn an scrioptúr seo dom go gcuirfidh Iehova deireadh go luath le mo smaointe míshuaimhnis agus leis na brionglóidí uafásacha atá agam. Ní bheidh siad i m’intinn ná i mo chroí go deo arís. Bronntanas iontach!”—Zafirah, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
DEIR AN BÍOBLA: “Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.”—Salm 72:7.
AN CHAOI A gCABHRAÍONN SÉ SEO: “Is minic a smaoiním ar na focail sin. Is gearr go mbeidh uafáis an chogaidh thart, agus ní bheidh orainn a bheith buartha faoi shábháilteacht ár ngaolta.”—Oleksandra, an Úcráin.
DEIR AN BÍOBLA: “Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, . . . músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib!”—Íseáia 26:19.
AN CHAOI A gCABHRAÍONN SÉ SEO: “Maraíodh beagnach gach duine de mo theaghlach le linn cinedhíothaithe na dTútsaithe. Ach geallann an véarsa seo go bhfeicfidh mé arís iad. Táim ag tnúth lena nglór gliondarach a chloisteáil lá a n-aiséirí!”—Marie, Ruanda.
DEIR AN BÍOBLA: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine . . . Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle beidh a n-aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.”—Salm 37:10, 11.
AN CHAOI A gCABHRAÍONN SÉ SEO: “Cé go bhfuil deireadh leis an gcogadh, tá an éagóir agus an drochdhuine ann fós. Chabhraigh na véarsaí seo liom. Feiceann Iehova gach rud agus tuigeann sé mo chás. Geallann sé go dtiocfaidh deireadh le gach fulaingt agus go ndéanfar dearmad orthu.”—Daler, an Táidsíceastáin.
Tá na daoine atá luaite san iris seo i measc na milliún d’Fhinnéithe Iehova ar chabhraigh an Bíobla leo le síocháin a aimsiú. D’fhoghlaim siad le fuath ciníoch, náisiúnta, treibhe agus fuath do dhaoine eile a shárú. (Eifisigh 4:31, 32) Tá Finnéithe Iehova neodrach ó thaobh na polaitíochta de agus diúltaíonn siad páirt a ghlacadh san fhoréigean.—Eoin 18:36.
Tugann Finnéithe Iehova tacaíocht ghrámhar dá chéile trína mbráithreachas domhanda. (Eoin 13:35) Mar shampla, bhí ar Olecsandra, a luadh níos túisce, teitheadh lena deirfiúr go dtí tír eile mar gheall ar an gcogadh. Deir sí: “Nuair a thrasnaigh muid an teorainn, bhí na Finnéithe áitiúla ann chun fáilte a chur romhainn. Chabhraigh siad linn dul i gcleachtadh ar a bheith ag maireachtáil mar dhídeanaithe i dtír eile.”
Tugann muid cuireadh duit a bheith linn ag ár gcruinnithe, áit a bhfoghlaimeoidh tú faoi theachtaireacht shíochánta an Bhíobla agus faoin gcaoi lena chur i bhfeidhm. Tabhair cuairt ar jw.org chun ionad a aimsiú in aice leat nó chun iarratas a dhéanamh ar chúrsa idirghníomhach ar an mBíobla atá saor in aisce, le cabhair ó dhuine d’Fhinnéithe Iehova, ag baint úsáide as an bhfoilseachán Mair Go Sona Go Deo!