Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lmd ceacht 3
  • Lách Cineálta

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Lách Cineálta
  • Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Méid a Rinne Íosa
  • Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
  • Déan Aithris ar Íosa
  • Léirigh Suim i nDaoine
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Comhbhá
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Nádúrthacht
    Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
  • Cén Sórt Neach é Íosa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Tuilleadh
Gráigh Daoine—Déan Deisceabail
lmd ceacht 3

AG TOSÚ COMHRÁ

Íosa ag teacht go réidh mall i dtreo fear dall chun é a leigheas.

Eoin 9:​1-7

CEACHT 3

Lách Cineálta

Prionsabal: “Bíonn an grá. . .lách.” —1 Cor. 13:4.

An Méid a Rinne Íosa

Íosa ag teacht go réidh mall i dtreo fear dall chun é a leigheas.

FÍSEÁN: Leigheasann Íosa Fear Dall

1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Eoin 9:​1-7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1. Céard a rinne Íosa ar dtús—ar leigheas sé an dall nó ar roinn sé an dea-scéal leis?—Féach Eoin 9:​35-38.

  2. Cén chúis go raibh an fear sásta éisteacht le hÍosa?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Is mó an seans go n-éistfidh duine lenár dteachtaireacht má mhothaíonn sé go bhfuil suim pearsanta againn ann.

Déan Aithris ar Íosa

3. Léirigh comhbhá. Cuir tú féin ina bhróga an duine.

  1. Fiafraigh díot féin: ‘Céard a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh imní dó? Céard a d’fhéadfadh a bheith cabhrach agus tarraingteach dó?’ Cabhróidh sé seo leat cineáltas a léiriú ar bhealach nádúrtha agus ó chroí.

  2. Léirigh go bhfuil suim agat sna rudaí atá tábhachtach do dhuine trí éisteacht leis. Má insíonn duine éigin rún a chroí duit nó má luann sé fadhb éigin atá aige, ná tosaigh ag caint faoi ábhar éigin eile.

4. Labhair go cineálta agus go measúil. Nuair a bhíonn comhbhá agat don duine agus tú ag iarraidh cabhrú leis, beidh sé le mothú sa mbealach a labhraíonn tú. Labhair go séimh agus bí cúramach gan aon rud a rá a d’fhéadfadh cur as don duine.

5. Bí cabhrach. Bí ag faire amach do na deiseanna cuí chun cabhrú leis an duine ar bhealaí praiticiúla. Is féidir le cineáltas comhrá a spreagadh.

FÉACH FREISIN

Rómh. 12:​15, 16; Gal. 6:10; Eabh. 13:16

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn