Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp21 Uimhir 2 leathanaigh 7-9
  • Cén Uair a Thiocfaidh an Deireadh? An Méid a Dúirt Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Uair a Thiocfaidh an Deireadh? An Méid a Dúirt Íosa
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • FÉACH AR DHÁ RÁITEAS A RINNE ÍOSA FAOIN DEIREADH:
  • AN COMHARTHA
  • “NA LAETHANTA DEIREANACHA”
  • TÁ AN PARTHAS AR TALAMH I NGAR!
  • An Bhfuil Deireadh an tSaoil i nGar?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2021
wp21 Uimhir 2 leathanaigh 7-9
Íosa ag míniú comhartha na laethanta deireanacha dá chuid aspail.

Cén Uair a Thiocfaidh an Deireadh? An Méid a Dúirt Íosa

Mar a d’fhoghlaim muid san alt roimhe seo, nuair a luann an Bíobla deireadh an tsaoil, ní chiallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an domhan ná leis an gcine daonna. Ach ciallaíonn sé go mbeidh deireadh leis an gcóras reiligiúnach, polaitiúil, eacnamaíochta atá ann faoi láthair agus gach duine a thacaíonn leis. Ach an luann an Bíobla an uair a bheidh deireadh leis an gcóras urchóideach seo?

FÉACH AR DHÁ RÁITEAS A RINNE ÍOSA FAOIN DEIREADH:

“Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.”—MATHA 25:13.

“Bígí aireach, déanaigí faire, mar níl a fhios agaibh cén uair a bheidh an t-am ann.”—MARCAS 13:33.

Mar sin níl a fhios ag aon duine go díreach cén uair a thiocfaidh deireadh leis an gcóras atá ann faoi láthair. Mar sin féin, tá “an lá . . . agus . . . an uair” a thiocfaidh an deireadh socraithe ag Dia. (Matha 24:36) An gciallaíonn sé seo nach bhfuil aon bhealach ann chun an uair a bheidh an deireadh i ngar a fháil amach? Ní chiallaíonn. Dúirt Íosa lena dheisceabail go mbeadh imeachtaí ann a thabharfadh le fios go raibh an deireadh i ngar.

AN COMHARTHA

Bheadh na himeachtaí seo mar chomhartha “ar dheireadh an tsaoil.” Thuar Íosa: “Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.” (Matha 24:3, 7) Dúirt sé go mbeadh “plánna”—galair eipidéime ann. (Lúcás 21:11) An bhfeiceann tú na rudaí a rinne Íosa cur síos orthu, ag tarlú?

Tá cogaí tubaisteacha, gortaí, agus creathanna talún chomh maith le galair ag déanamh scrios inniu. Mar shampla, i 2004, thosaigh crith mór talún san Aigéan Indiach súnámaí a mharaigh 225,000 duine. Mharaigh an paindéim COVID-19 6.9 milliún duine ar fud an domhain i gceann trí bliana. Dúirt Íosa go léireodh imeachtaí den tsóirt sin go bhfuil deireadh an tsaoil seo i ngar.

“NA LAETHANTA DEIREANACHA”

Déanann an Bíobla cur síos ar an tréimhse ama díreach roimh dheireadh an chórais seo mar na “laethanta deireanacha.” (2 Peadar 3:3, 4) Thuar 2 Tiomóid 3:1-5 go mbeadh meath mór ar chaighdeáin mhorálta na ndaoine sna laethanta deireanacha. (Féach an bosca “Díreach Roimh Dheireadh an Domhain.”) An bhfeiceann tú daoine atá leithleasach, santach, foréigneach, agus nach mbíonn ag léiriú grá dá chéile? Is fianaise é seo freisin go bhfuil muid ag maireachtáil an-ghar do dheireadh an domhain seo.

Cén fhad a bheidh na laethanta deireanacha? De réir an Bhíobla, níl ann “ach uain ghearr,” ansin, scriosfaidh Dia “lucht scriosta an domhain.”—Apacailipsis 11:15-18; 12:12.

Cogaí

Saighdiúirí ag scaoileadh a gcuid raidhfilí ó chúl baracáide.
  • Idir 2007 agus 2017, tháinig méadú de 118 faoin gcéad ar an méid daoine a maraíodh de bharr coimhlintí armtha agus sceimhlitheoireacht

Tinneas

Fear atá tinn i leaba ospidéil.
  • Seo cuid de na galair is marfaí atá ann: galar croí, stróc, galar scamhóg, galair nuabheirthe, galair bhuinní, ailse, agus eitinn

Ocras

Cailín óg a bhfuil ocras uirthi agus babhla aici.
  • Bhí 9.8 faoin gcéad de dhaonra an domhain ag fáil bháis leis an ocras in 2021. Bhí easpa mhór cothaithe ar beagnach duine as gach triúr pháistí faoin gcéad de pháistí faoi chúig bliana agus bhí siad faoi bhun a bhfáis

Craobhscaoileadh Domhanda

Finnéithe Iehova ina seasamh in aice le cairteacha na bhfoilseachán, agus iad ag caint le fear.
  • Tá os cionn 8.6 milliún d’Fhinnéithe Iehova ag dáileadh ábhar litríochta atá bunaithe ar an mBíobla i mbreis agus 1,000 teanga i 240 tír

TÁ AN PARTHAS AR TALAMH I NGAR!

Tá an lá agus an uair socraithe ag Dia chun deireadh a chur leis an gcóras urchóideach seo. (Matha 24:36) Ach, tá tuilleadh den dea-scéala ann—ní mian le Dia “go gcaillfí aon dream.” (2 Peadar 3:9) Tá sé ag tabhairt an deis don chine daonna cloí lena chaighdeáin. Cén fáth? Mar tá sé ag iarraidh orainn a theacht slán ag deireadh an domhain agus maireachtáil ar a dhomhan nua, nuair a bheidh an talamh seo ina pharthas.

Tá clár teagaisc domhanda atá bunaithe ar an mBíobla eagraithe ag Dia chun cabhrú le daoine foghlaim faoin méid atá ag teastáil chun maireachtáil sa bparthas ar talamh. Dúirt Íosa go bhfógrófaí an dea-scéala faoi Ríocht Dé “ar fud na cruinne.” (Matha 24:14) Caitheann Finnéithe Iehova na billiúin uaireanta ag craobhscaoileadh agus ag múineadh teachtaireacht an Bhíobla do dhaoine ar fud an domhain. Thuar Íosa go mbeadh an feachtas craobhscaoilte domhanda seo ar siúl sula dtiocfadh an deireadh.

Cuirfear deireadh go luath le rialtais dhaonna. Ach tá dea-scéal ann, is féidir leat a theacht slán nuair a tharlóidh sé sin agus maireachtáil sa bparthas ar talamh atá geallta ag Dia. Pléifidh an chéad alt eile an bealach ar féidir leat maireachtáil ar an domhan nua sin.

DÍREACH ROIMH DHEIREADH AN DOMHAIN

“Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha. Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa. Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith. Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia. Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu.”—2 TIOMÓID 3:1-5.

Tugann tairngreacht Íosa maidir le “na laethanta deireanacha” ábhar dóchais dúinn

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn