An Chúis go Leanann Cogadh agus Coimhlint Fhoréigneach ar Aghaidh
Cuireann an Bíobla síos ar na bunchúiseanna atá le cogadh agus coimhlint fhoréigneach agus an chúis a leanann na himeachtaí tragóideacha seo ar aghaidh.
PEACA
Chruthaigh Dia ár gcéad tuismitheoirí, Ádhamh agus Éabha, ar a dheilbh féin. (Geineasas 1:27) Chiallaigh sé sin go léireoidís tréithe Dé go nádúrtha, an tsíocháin agus an grá san áireamh. (1 Corantaigh 14:33; 1 Eoin 4:8) Mar sin féin, níor ghéill Ádhamh agus Éabha do Dhia agus pheacaigh siad. Mar thoradh ar sin, tá an peaca agus an bás mar oidhreacht againn. (Rómhánaigh 5:12) Tá muid claonta ag an bpeaca i dtreo smaointe agus gníomhartha foréigneacha.—Geineasas 6:5; Marcas 7:21, 22.
RIALTAIS DHAONNA
Níor chruthaigh Dia muid chun muid féin a rialú. Deir an Bíobla: “ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.” (Irimia 10:23) Mar sin, ní féidir le rialtais dhaonna deireadh a chur le cogadh agus foréigean.
SÁTAN AGUS A CHUID DEAMHAIN
Deir an Bíobla “go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.” (1 Eoin 5:19) Tá meon an dúnmharfóra ag Sátan an Diabhal. (Eoin 8:44) Spreagann Sátan agus a chuid deamhain dofheicthe cogaidh agus foréigin.—Apacailipsis 12:9, 12.
Ní féidir linn deireadh a chur le bunchúiseanna an chogaidh agus an fhoréigin, ach is féidir le Dia.