Tagairtí do Leabhar Oibre an Chruinnithe Saoil agus Ministreacht
© 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
7-13 IÚIL
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 21
Prionsabail Chiallmhara Maidir le Pósadh Sona
w03 10/15 4 ¶5
Cén Chaoi ar Féidir Leat Cinntí Maithe a Dhéanamh?
Is minic le drochthoradh a bheith ar chinntí a dhéantar róthapa. Tugann Seanfhocail 21:5 foláireamh dúinn: “Téann smaointe an duine dícheallaigh chun sochair dó; an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.” Mar shampla, ba chóir do dhéagóirí atá i ngrá fanacht agus smaoineamh sula bpósann siad. Mura ndéanann siad é sin, d’fhéadfaidís a fháil amach go bhfuil focail William Congreve, drámadóir Sasanach ón 18ú haois fíor: “Marry’d in haste, we may repent at leisure.”
g 7/08 7 ¶2
Pósadh Sona Le Cabhair Ó Dhia
Léirigh umhlaíocht. “Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.” (Filipigh 2:3) Is minic a tharraingítear caint i bpóstaí nuair a bhíonn daoine ag ceapadh gur acu féin atá an ceart i gcónaí agus iad ag cur milleán ar a bpáirtí seachas iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach le humhlaíocht. Is féidir le humhlaíocht cabhrú leat an mian atá ionat thú féin a bheith ceart i gcónaí a smachtú.
w06 9/15 28 ¶13
“Bíodh Suáilceas Agat i gComhluadar na Mná a Phós Tú i d’Óige”
13 Ach céard má tá an pósadh faoi strus de bhrí nach bhfuil siad ag caitheamh go maith lena chéile? Beidh iarracht i gceist le réiteach a fháil. Mar shampla, b’fhéidir go raibh caint míchineálta ag sleamhnú isteach sa bpósadh agus de réir a chéile bhí sé in úsáid go rialta. (Seanfhocail 12:18) Mar a pléadh san alt roimhe seo, is féidir le drochthoradh a bheith ar seo. Deir seanfhocal den Bhíobla: “Is fearr cur fút san fhásach ná le báirseach cancrach mná.” (Seanfhocail 21:19) Más bean chéile thú i bpósadh den sórt sin, fiafraigh díot féin: ‘An bhfuil sé deacair ag m’fhear céile a bheith i mo chomhluadar mar gheall ar an meon atá agam?’ Deir an Bíobla le fir chéile: “Bíodh grá agaibh do bhur mná agus gan bheith garg leo.” (Colosaigh 3:19) Más fear céile thú, fiafraigh díot féin: An bhfuil mé gruama, rud a mheallfadh mo bhean chun sólás a lorg in áit éigin eile? Ar ndóigh, níl aon leithscéal ann do mhímhoráltacht ghnéis. Ach fós féin, is cúis mhaith é an baol sin le fadhbanna a phlé go hoscailte.
Seoda Spioradálta
w05 1/15 17 ¶9
Réamhfhéachaint ar Ríocht Dé ag Teacht i Réim
9 Ní duine daonna ag marcaíocht ar asal atá in Íosa anois, is Rí cumhachtach é. Cuirtear i láthair é ag marcaíocht ar chapall—siombail de chogadh sa mBíobla. (Seanfhocail 21:31) Deir Apacailipsis 6:2: “D’fhéach mé agus b’shiúd an t-each bán, agus bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith.” Ina theannta sin, scríobh an salmaire Dáiví faoi Íosa: “Sínfidh an Tiarna [Iehova] ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.’”—Salm 110:2.
14-20 IÚIL
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 22
Prionsabail Chiallmhara Maidir le Leanaí a Thógáil
w20.10 27 ¶7
An mBeidh Siad ag Freastal ar Dhia Nuair a Fhásfaidh Siad Suas?
7 Más lánúin phósta sibh agus sibh ag smaoineamh ar pháistí a bheith agaibh, fiafraigh díbh féin: ‘An bhfuil muid umhal, agus an bhfuil meon spioradálta againn—an cineál daoine a roghnódh Iehova le haire a thabhairt do leanbh nuabheirthe?’ (Salm 127:3, 4) Má tá páistí agat cheana féin, fiafraigh díot féin: ‘An bhfuil mé ag cur an luach atá ag baint le hobair chrua ar a súile do mo pháistí?’ (Cóh. 3:12, 13) ‘An bhfuil mé ag déanamh mo dhícheall iad a chosaint ó chontúirtí fisiciúla agus morálta an tsaoil seo atá faoi smacht Shátain?’ (Sean. 22:3) Ní féidir leat do pháistí a chosaint ó gach dúshlán a thiocfaidh ina mbealach, tá sé sin dodhéanta. Ach is féidir leat iad a ullmhú go grámhar de réir a chéile chun déileáil leis an saol trína muinín a chur i mBriathar Dé. (Léigh Seanfhocail 2:1-6.) Mar shampla, má thugann duine gaoil leat droim láimhe don fhíor creideamh, cabhraigh le do pháistí tuiscint a fháil ón mBíobla ar an tábhacht a bhaineann le bheith dílis d’Iehova. (Salm 31:24) Nó má fhaigheann duine a bhfuil siad mór leis bás, taispeáin dóibh ón mBíobla an bealach le déileáil leis an mbrón agus le síocháin a bheith acu.—2 Cor. 1:3, 4; 2 Tiom. 3:16.
w19.12 26 ¶17-19
Tuismitheoirí—Múin Bhur bPáistí le Grá a Thabhairt d’Iehova
17 Tosaigh ag traenáil do pháistí chomh luath agus is féidir. Dá luaithe a thosaíonn tuismitheoirí ag traenáil a bpáistí, is amhlaidh is fearr. (Sean. 22:6) Smaoinigh ar Tiomóid, a thaistil leis an aspal Pól. Thraenáil máthair Thiomóid, Eunaícé, agus a sheanmháthair Laoise é “ó aois na hóige.”—2 Tiom. 1:5; 3:15.
18 D’éirigh le lánúin eile i gCósta Eabhair, Jean-Claude agus Peace, a sheisear páistí a thógáil chun grá agus seirbhís a thabhairt d’Iehova. Céard a chabhraigh leo lena seo a dhéanamh? Lean siad sampla Eunaícé agus Laoise. Deir siad, “Theagasc muid Briathar Dé go dúthrachtach dár bpáistí ó bhí siad an-óg—go gairid tar éis dóibh a theacht ar an saol.”—Deot. 6:6, 7.
19 Céard is brí le Briathar Dé a “theagasc go dúthrachtach” do do pháistí? Ciallaíonn sé sin go múineann tú rud agus go gcuireann tú go domhain ina gcroí é trí athrá a dhéanamh air go minic. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh tuismitheoirí am a chaitheamh lena bpáistí go rialta. D’fhéadfadh sé a bheith deacair scaití nuair is gá an rud céanna a rá arís agus arís eile. Ach is féidir le tuismitheoirí féachaint air mar dheis chun cabhrú lena bpáistí tuiscint a fháil ar Bhriathar Dé, agus é a chur i bhfeidhm ina saol.
w06 4/1 9 ¶4
Tuismitheoirí—Bí i do Shampla Maith do do Pháistí
Ar ndóigh, is páistí iad páistí, agus uaireanta bíonn sé deacair iad a láimhseáil. (Geineasas 8:21) Céard is féidir le tuismitheoirí a dhéanamh? Deir an Bíobla: “Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.” (Seanfhocail 22:15) Ceapann daoine go bhfuil an chomhairle seo as dáta. Ach i ndáiríre, tá an Bíobla go láidir in aghaidh foréigin agus mí-úsáid. Is ionann an “slat,” agus smachtú, nó údarás na dtuismitheoirí, a úsáidtear go daingean, grámhar, tuisceanach, ar mhaith le leas na bpáistí.—Eabhraigh 12:7-11.
Seoda Spioradálta
w21.08 22 ¶11
Bí Ríméadach as na Pribhléidí atá Agat
11 Mar an gcéanna, is féidir linn ár lúcháir a mhéadú trína bheith sáite san obair a thugtar dúinn le déanamh i seirbhís Iehova. Caith do “dhúthracht ar fad” leis an obair chraobhscaoileadh, agus bí lánpháirteach i ngníomhachtaí an phobail Chríostaí. (Gnío. 18:5; Eabh. 10:24, 25) Téigh go dtí na cruinnithe ullmhaithe le freagraí spreagúla a thabhairt ar an ábhar atá faoi chaibidil. Bí dúthrachtach ó thaobh na gcúraimí atá ort i gcruinniú lár na seachtaine. Má iarrtar ort cabhrú le tasc áirithe sa bpobal Críostaí, ba cheart go bhféadfaí brath ort lena dhéanamh agus lena bheith ann in am. Ná bí ar nós chuma liom faoi aon chúram a chuirtear ort. Déan iarracht do chuid scileanna a fheabhsú. (Sean. 22:29) Dá mhéad a bheidh tú sáite i ngníomhaíochtaí spioradálta agus i do chúraimí, is amhlaidh is tapúla a dhéanfaidh tú dul chun cinn agus is mó ríméid a bheith ort. (Gal. 6:4) Beidh sé níos éasca freisin a bheith ríméadach as daoine eile nuair a fhaigheann siad pribhléid ar mhaith leat féin a fháil.—Rómh. 12:15; Gal. 5:26.
21-27 IÚIL
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 23
Prionsabail Chiallmhara Maidir le hÚsáid Alcóil
w04 12/1 19 ¶5-6
Coinnigh Dearcadh Stuama ar Úsáid Alcól
5 Céard faoin duine a úsáideann alcól ach déanann sé cinnte gan ól go dtí go mbeidh sé soiléir go bhfuil sé ar meisce? Tá daoine ann freisin nach mbíonn cuma an óil orthu fiú tar éis dóibh roinnt maith alcóil a ól. Mar sin féin, is ag cur an dallamullóg orthu féin atá siad má cheapann siad nach bhfuil aon dochar ag baint le nós mar sin. (Irimia 17:9) De réir a chéile, d’fhéadfadh a ndúil san alcól méadú, agus bheadh an duine sin “tugtha don ól.” (Títeas 2:3) Maidir leis an bpróiséas a bhaineann le bheith ina alcólach, deir an t-údar Caroline Knapp: “It’s a slow, gradual, insidious, elusive becoming.” Nach trap marfach é an iomarca óil!
6 Smaoinigh freisin ar fholáireamh Íosa: “Tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir.” (Lúcás 21:34, 35) Ní gá do dhuine a bheith ar meisce sula mbeidh sé tuirseach agus leisciúil—go fisiciúil agus go spioradálta. Céard a tharlódh má thagann lá Iehova ar dhuine agus é sa riocht sin?
it-1 656
Meisce
Cáinte sa mBíobla. Cáineann an Bíobla alcól a ól go pointe meisce. Léiríonn scríbhneoir eagnaí na Seanfhocal go cruinn agus go heolaíoch an tionchar a bhíonn ag deochanna láidir alcól má óltar an iomarca acu. Tugann sé fholáireamh: “Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan? cé dó is dán an t-aighneas, agus an gearán? agus buillí ó gach taobh? agus scamall sa tsúil? Do mhéiseálaithe fíona a bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc. Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é, nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn [when the wine looks unduly attractive, sparkling], ná nuair a shníonn sé siar go socair [when it slides down the throat too easily]. Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair, agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe [it can make one sick physically (for example, causing cirrhosis of the liver) and mentally (producing delirium tremens), and it can actually kill]. Feicfidh do shúile nithe aisteacha [the alcohol acts on the control centers of the brain, repressing them; attitudes normally repressed come to the fore; hallucinations appear; gaps in memory are filled by the individual’s telling fantastic experiences in a most plausible way; the person exhibits uninhibited behavior], agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí [thoughts and desires normally suppressed will be expressed].”—Sean 23:29-33; Hói 4:11; Mth 15:18, 19.
Déantar cur síos ar thaithí an mheisceora agus leanann an scríbhneoir air: “Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin [experiencing the confusion of one drowning, finally passing into unconsciousness], amhail duine ina shuan ar an stiúir [as the rocking of the ship is greatest at this point, the drunkard’s life is in danger from accident, stroke, a fight, and so forth]. ‘Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní [says the drunkard, as if talking to himself; he was insensible to what was actually going on and to the punishment that the experience has inflicted on him]. Cathain a dhúiseoidh mé ...? Beidh deoch eile uaim [he must now sleep off the effects of overindulgence, but he is enslaved by the drink and looks forward to drinking more when he is able].’” Beidh sé beo bocht, mar gheall ar an airgead a chaith sé ar alcól agus ní bheidh sé in ann obair a fháil mar ní féidir brath air.—Sean 23:20, 21, 34, 35.
Seoda Spioradálta
w04 11/1 31 ¶2
Ceisteanna ó Léitheoirí
Mar shampla, d’fhéadfadh raimhre a bheith ina chomhartha ar chraos, ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh meáchan breise ar dhuine mar gheall ar ghalar éigin. D’fhéadfadh an raimhre a bheith sa bhfuil ag duine freisin. Ba chóir dúinn cuimhneamh gur rud fisiciúil é an raimhre, ach is meon intinne é an craos. Sainmhínítear raimhre mar “an riocht ina bhfuil duine nuair atá an iomarca saille sa chorp,” agus sainmhínítear craos mar “féin shásamh nó saint.” Mar sin, ní hé méid an duine a dhéanann craosaire de, ach a dhearcadh i leith bia. D’fhéadfadh duine a bheith i ngnáthmhéid, nó fiú tanaí, agus fós a bheith ina chraosaire. Lena chois sin, tá tuairimí faoin meáchan ar cheart do dhuine a bheith an-difriúil ó áit go háit.
28 IÚIL–3 LÚNASA
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 24
Neartaigh Tú Féin le haghaidh Trioblóidí
it-2 610 ¶8
An Ghéarleanúint
Is mór ag Críostaithe freisin an duais atá i ndán dóibh siúd a sheasann an fód. Maidir leis an luach saothair seo, dúirt Íosa: “Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.” (Math 5:10) Tá dóchas an aiséirí, agus an t-eolas atá acu ar an Té a chuir an dóchas sin ar fáil dóibh á neartú. Neartaíonn sé freisin iad chun a bheith dílis do Dhia fiú má bhíonn siad faoi bhagairt an bháis ag daoine foréigneacha. De bhrí go bhfuil muinín acu sa méid a bhain bás Íosa amach, tá siad saor ó eagla an bháis fhoréigin sin. (Eabh. 2:14, 15) Tá dearcadh intinne an Chríostaí tábhachtach más mian leis fanacht dílis faoi bhrú. “Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost . . . d’ísligh sé é féin agus bhí umhal go bás.” (Fil. 2:5-8) “Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d’fhulaing sé [Íosa] céasadh” ar chuaille mar rinne sé neamhní den mhasla sin.—Eabh. 12:2; féach freisin 2Cor. 12:10; 2Teas. 1:4; 1Pead. 2:21-23.
w09 12/15 18 ¶12-13
Coinnigh do Mhisneach in Aimsir na Trioblóide
12 Deir Seanfhocail 24:10: “Má chailleann tú do mhisneach, ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.” Deir seanfhocail eile: “Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach.” (Sean. 15:13) Tá lagmhisneach tagtha ar roinnt Críostaithe agus tá faillí déanta acu i léitheoireacht agus i machnamh pearsanta ar Bhriathar Dé. Tá a gcuid paidreacha ar nós chuma liom, agus ní bhíonn siad ag coinneáil comhluadair lena gcuid comhadhraitheoirí. Is léir go bhféadfadh sé a bheith díobhálach duit má bhíonn lagmhisneach ort go minic.—Sean. 18:1, 14. NWT
13 Ar an láimh eile de, cabhróidh dearcadh dearfach linn díriú ar ghnéithe dár saol a bhféadfaidh muid taitneamh agus lúcháir a bhaint astu. Scríobh Dáiví: “Go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí.” (Salm 40:9 [40:8 i mBíoblaí eile]) Nuair a théann an saol i do aghaidh, ba chóir duit leanúint ort ag staidéar ar an mBíobla agus ag adhradh Iehova. Go deimhin, is leigheas iontach ar an mbrón é dul i mbun rudaí a thaitin linn. Deir Iehova linn gur féidir linn taitneamh agus sonas a fháil má léann muid a Bhriathra agus má dhéanann muid machnamh air go rialta. (Salm 1:1, 2; Séam. 1:25) Faigheann muid “briathra séimhe agus dea-fhocal” ó na Scrioptúir Naofa agus ó chruinnithe Críostaí, rudaí a d’fhéadfadh muid a chothú agus lúcháir a chur ar ár gcroí.—Sean. 12:25; 16:24.
w20.12 15
Ceisteanna Ó Léitheoirí
Deir Seanfhocail 24:16: “Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís.” An dtagraíonn sé seo do dhuine a pheacaíonn arís agus arís eile ach a fhaigheann maithiúnas ó Dhia?
Ní shin é an pointe atá an véarsa seo a dhéanamh. Tagraíonn sé seo do dhuine a thiteann mar go bhfuil sé ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna nó ar dheacrachtaí arís agus arís eile agus a éiríonn arís sa mbrí is go dtagann sé aige féin arís.
Seachas a bheith ag caint faoi “thitim” sa gciall a bhaineann le peaca morálta, tagraíonn Seanfhocail 24:16 d’fhadhbanna nó do dheacrachtaí, a chaithfear aghaidh a thabhairt orthu arís agus arís eile. D’fhéadfadh go mbeidh ar dhuine cóir, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sláinte nó fadhbanna eile i saol an lae inniu. Nó b’fhéidir déileáil le géarleanúint rialtais. Ach is féidir leis muinín a bheith aige gurb é Dia a chrann taca agus go gcabhróidh sé leis le déileáil leis an ngéarchéim agus na cosa a thabhairt leis. Fiafraigh díot féin, nach bhfaca mé go minic go n-oibríonn rudaí amach go maith do sheirbhísigh Dé? Cén fáth? Mar “tacaíonn an Tiarna [Iehova] lena mbíonn ag titim; agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.”—Salm 41:1-3; 145:14-19.
Seoda Spioradálta
w09 10/15 12
Ceisteanna Ó Léitheoirí
Dá ba mhaith le fear a theaghlach a fheabhsú nó teaghlach a bhunú trí phósadh, in aimsir an Bhíobla, bheadh air fiafraí de féin, ‘An bhfuil mé réidh chun aire agus tacaíocht a thabhairt do bhean chéile agus d’aon leanaí a bheidh againn? Sula mbeadh clann aige bheadh dualgas air aire a thabhairt dá pháirceanna nó dá bharraí. Mar a fheiceann muid ó Today’s English Version: “Don’t build your house and establish a home until your fields are ready, and you are sure that you can earn a living.” An bhfuil an prionsabal céanna i bhfeidhm inniu?
Tá. Caithfidh fear atá ag iarraidh pósadh ullmhú i gceart don fhreagracht sin. Má tá sé in ann beidh air a bheith ag obair. Ar ndóigh, níor cheart go mbeadh an obair a dhéanann sé ag soláthar riar a gcáis dá theaghlach a bheidh teoranta do chúrsaí fisiceacha amháin. Tugann Briathar Dé le fios go bhfuil fear nach dtugann aire do riachtanais fhisiceacha, mothúchánacha agus spioradálta a theaghlaigh níos measa ná an díchreidmheach! (1 Tiom. 5:8) Mar sin, agus é ag ullmhú don phósadh agus do shaol an teaghlaigh, ba chóir go ndéanfaidh fear óg machnamh ar na ceisteanna seo leanas: An bhfuil sé ar mo chumas riar a gcáis a sholáthair do mo theaghlach? An bhfuil mé réidh le bheith i mo cheann spioradálta ar an teaghlach? An gcomhlíonfaidh mé mo dhualgas staidéar Bíobla a dhéanamh go rialta le mo bhean chéile agus mo pháistí?’ Is cinnte go gcuireann Briathar Dé béim ar na freagrachtaí ríthábhachtacha sin.—Deot. 6:6-8; Eif. 6:4.
Mar sin ba chóir d’fhear óg a lorgaíonn bean smaoineamh go cúramach ar an bprionsabal atá le fáil ag Seanfhocail 24:27. Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go ndéanfaidh bean óg machnamh ar na freagrachtaí a bhaineann le bheith ina bean chéile agus ina máthair mhaith. Is féidir le lánúin óg ceisteanna mar atá luaite thuas a phlé agus iad ag smaoineamh ar an mbealach le leanaí a thógáil. (Lúcás 14:28) Má leantar treoir an Bhíobla is féidir le searbhóntaí Dé mórán crá croí a sheachaint agus saol sona teaghlaigh a bheidh acu.
4-10 LÚNASA
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 25
Prionsabail Chiallmhara Maidir Lenár gCumas Labhartha
w15 12/15 19 ¶6-7
Déan an Mhaith Trí Úsáid a Bhaint as Cumhacht do Theanga
6 Léiríonn na focail i Seanfhocail 25:11 an tábhacht a bhaineann le labhairt ag an am ceart: Tá an focal cuí ag an am ceart cosúil le “úlla óir i leaba airgid.” Bheadh úlla órga leo féin go hálainn. Ach chuirfí lena n-áilleacht dá gcuirfí iad i gcúlra a bheidh snoite in airgid. Ar an gcuma chéanna, is féidir lenár gcuid cainte a bheidh níos tarraingtí agus níos éifeachtaí má roghnaíonn muid an t-am cuí le labhairt. Cén chaoi?
7 B’fhéidir gurb iad na focail a thagann amach as ár mbéal atá ag teastáil ónár n-éisteoir, ach mura léir dúinn an t-am ceart le labhairt, d’fhéadfaí nach mbainfí an ciall cheart astu. (Léigh Seanfhocail 15:23.) Mar shampla, i Márta 2011 rinne crith talún agus súnámaí scrios ar chuid d’oirthear na Seapáine, ag scriosadh cathracha. Maraíodh os cionn 15,000 duine. Cé gur fhulaing Finnéithe Iehova sa gceantar in éineacht lena gcomharsana, thapaigh siad gach deis an Bíobla a úsáid chun sólás a thabhairt dóibh siúd a bhí faoi bhrón, cé gur creideamh Búdaíocha a bhí ag go leor de na daoine áitiúla agus nach raibh mórán eolais acu ar theagasc an Bhíobla. Thug ár ndeartháireacha faoi deara nach tar éis an súnámaí an t-am ab fhearr chun dóchas an aiséirí a roinnt leo siúd a bhí faoi bhrón. Ina áit sin, d’úsáid siad a gcumas labhartha chun tacaíocht a thabhairt ó thaobh na mothúcháin de agus d’úsáid siad an Bíobla chun míniú a thabhairt ar an gcúis a dtarlaíonn rudaí uafásacha do dhaoine neamhchiontacha.
w15 12/15 21 ¶15-16
Déan an Mhaith Trí Úsáid a Bhaint as Cumhacht do Theanga
15 Is féidir leis an gcaoi a ndeir muid rud a bheith chomh tábhachtach leis an méid atá le rá againn. Nuair a labhair Íosa sa tsionagóg ina bhaile dúchais Nazarat, rinneadh na daoine ionadh de “na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal.” (Lúcás 4:22) Taitníonn an focal cuí leis an gcroí agus ní lagaíonn sé cumhacht ár dteanga. Déanta na fírinne, is féidir leis an bhfocal cuí a bheith éifeachtach. (Sean. 25:15) Is féidir linn aithris a dhéanamh ar Íosa trína bheith cineálta, cúirtéiseach agus tuisceanach ar mhothúcháin dhaoine eile nuair a labhraíonn muid. Bhí trua ag Íosa don slua nuair a chonaic sé na hiarrachtaí a rinne siad chun a theacht ag éisteacht leis ag labhairt, agus “thosaigh sé ag múineadh mórán nithe dóibh.” (Marcas 6:34) Fiú nuair a bhí sé á mhaslú, níor fhreagair Íosa go garbh.—1 Pead. 2:23.
16 B’fhéidir gur dúshlán dúinn é nuair atá muid ag caint go séimhe agus go stuama le duine a bhfuil aithne mhaith againn air. B’fhéidir go gceapann muid go bhfuil an tsaoirse againn a bheith oscailte inár gcuid cainte. Is féidir leis sin a bheith fíor má labhraíonn muid le duine muinteartha nó le dlúthchara sa bpobal. Ar mhothaigh Íosa gur thug a dhlúthchaidreamh lena dheisceabail saoirse dó labhairt go garbh leo? Níor mhothaigh! Nuair a lean a dheisceabal ag argóint faoi cé ba mhó le rá, cheartaigh Íosa go cineálta iad mar dhéanfá le leanbh óg. (Marcas 9:33-37) Is féidir le seanóirí aithris a dhéanamh ar shampla Íosa trí chomhairle a thabhairt “go mín réidh.”—Gal. 6:1.
w95 4/1 17 ¶8
Cén Chaoi a Spreagfaidh Muid a Chéile Chun Grá agus Dea-Oibreacha?
8 Agus muid ag freastal ar ár nDia, is féidir linn go léir spreagadh a thabhairt dá chéile trínár ndea-shampla. Is cinnte gur spreag Íosa a chuid éisteoirí. Ba mhór aige an mhinistreacht Chríostaí agus thug sé tús áite dó. Dúirt sé go raibh an mhinistreacht cosúil le bia aige. (Eoin 4:34; Rómhánaigh 11:13) Is féidir le díograis den sórt sin a bheith tógálach. An féidir leat a léiriú go bhfuil tú sásta ag déanamh an obair mhinistreacht? Ná bí ag déanamh gaisce ach roinn do thaithí mhaith sa ministreacht le daoine eile sa bpobal Críostaí. Nuair a thugann tú cuireadh do dhaoine eile oibriú leat, féach an féidir leat cabhrú leo pléisiúr a bhaint as a bheith ag caint le daoine eile faoinár gCruthaitheoir, Iehova.—Seanfhocail 25:25.
Seoda Spioradálta
it-2 399
An tSéimhe
Tá an duine séimhe mar atá sé de bhrí go bhfuil creideamh agus foinse nirt aige. Ní bhíonn sé éasca é a chur dá chois ná a chiall mhaith a chailleadh. Tá easpa séimhe mar thoradh ar frustrachas, easpa creidimh agus éadóchas. Cuireann an seanfhocal síos ar an duine taghdach mar: ”An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.” (Sean 25:28) Tá sé éasca ag drochsmaointe tionchar a bheidh acu air, rud a d’fhéadfadh é a spreagadh chun rudaí nach bhfuil ceart a dhéanamh.
11-17 LÚNASA
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 26
Fan Amach ón “Amadán”
it-2 729 ¶6
Báisteach
Séasúir. Is féidir cur síos ar an samhradh agus an geimhreadh sa Tír Tairngire, mar an séasúr tirim agus an séasúr fliuch. (Salm 32:4; Laoi 2:11.) Ó thart ar lár an Aibreáin go dtí lár Dheireadh Fómhair is beag báisteach a thiteann. Tá sé neamhchoitianta báisteach a fheiceáil san fhómhar. Deir Seanfhocail 26:1 nach bhfeileann “báisteach don fhómhar.” (1Sa 12:17-19.) Le linn an tséasúir fhliuch ní bhíonn sé ag báisteach i gcónaí, bíonn laethanta breá ann freisin. Ós rud é go mbíonn an séasúr fuar freisin, déanann an bháisteach níos fuaire fós é. (Eaz 10:9, 13) Dá bhrí sin, is mór ag duine foscadh compordach.—Íse 4:6; 25:4; 32:2; Iób 24:8.
w87 10/1 19 ¶12
Bíonn Toradh Maith ar an Smacht
12 I gcás daoine áirithe d’fhéadfadh go mbeadh gá le smachtú níos déine, deir Seanfhocail 26:3: “Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n-amadán.” Uaireanta lig Iehova dá náisiún féin Iosrael a bheith faoi smacht ag na trioblóidí a tharraing siad orthu féin: “toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia, agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar, agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.” (Salm 107:11-13) Mar sin féin ní raibh aon glacadh ag daoine amaideacha le cineál ar bith smachtú: “An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.”—Seanfhocail 29:1.
it-2 191 ¶4
Bacach
Seanfhocal. “An té a chuireann amadán ar theachtaireacht, (gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh,” a dúirt an Rí Solamh. Go deimhin, fear ar bith a fhostaíonn daoine amaideach chun a ngnó a láimhseáil beidh sé thíos leis. Is cinnte go bhfeicfidh sé an obair atá beartaithe aige ag titim as a chéile.—Sean 26:6.
Seoda Spioradálta
it-1 846
Amadán
Má thugtar freagra ar amadán “de réir a bhaoise” féin is cur amuigh am é má dhéantar é ag úsáid réasúnaíocht nó bealaí neamh fhónta an amadáin. Ionas nach ndéanann muid aithris ar an amadán, deir an seanfhocal: “Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise.” Ar an taobh eile de, léiríonn Seanfhocail 26:4, 5 gur tairbheach é freagra a thabhairt air “de réir a bhaoise” sa chiall go ndéantar anailís ar a chuid argóintí, agus go dtagann sé ar tuairim atá go hiomlán difriúil óna chuid argóintí féin.
18-24 LÚNASA
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 27
An Chaoi a mBaineann Muid Tairbhe as Fíorchairde
w19.09 5 ¶12
Tá Meas ag Iehova ar a Sheirbhísigh Umhal
12 Tá meas ag an duine umhal ar chomhairle. Mar shampla: Samhlaigh go bhfuil tú ag cruinniú Críostaí. Tar éis labhairt le roinnt do do chomhChríostaithe, cuireann duine ar an eolas thú go discréideach go bhfuil bia ar do chuid fiacla. Gan dabht, bheadh náire ort. Ach nach mbeifeá buíoch freisin gur chuir sé nó sí in iúl duit é. B’fhéidir gur mhaith leat go mbeadh duine éigin eile tar éis a rá leat níos luaithe! Mar an gcéanna, ba chóir dúinn meas a bheith againn ar an duine a bhfuil sé de mhisneach aige comhairle a thairiscint dúinn nuair is gá. Is cara maith é an duine sin.—Léigh Seanfhocail 27:5, 6; Gal. 4:16.
it-2 491 ¶3
Comharsa
Cé go moltar creideamh agus muinín i gcompánach b’fhéidir nach é sin an duine a cheart glaoch air in am an ghátair de réir Seanfhocail 27:10. “Ná tréig do chara, ná cara d’athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile.” Is cosúil go bhfuil an scríbhneoir ag rá anseo gur fearr dlúthchara atá i ngarr duit ná duine gaoil atá i bhfad uait mar go mb’fhéidir nach bhfuil sé ar chumas do dhuine gaoil teacht i gcabhair ort.
A Dhaoine Óga—Cén Chaoi a n-Éireoidh Libh sa Saol?
7 Ceacht amháin is féidir linn a fhoghlaim ón droch-chinneadh a rinne Ióáis ná go gcaithfidh muid cairde a roghnú a mbeidh dea-thionchar acu orainn—cairde a bhfuil grá acu d’Iehova agus atá ag iarraidh go mbeidh sé sásta leo. Ní gá dúinn ár gcairde a roghnú ónár n-aoisghrúpa féin. Cuimhnigh, go raibh Ióáis i bhfad níos óige ná a chara Iahóideá. Maidir leis na cairde atá roghnaithe agat, fiafraigh díot féin: ‘An gcabhraíonn siad liom mo chreideamh in Iehova a neartú? An spreagann siad mé chun maireachtáil de réir caighdeáin Dé? An labhraíonn siad faoi Iehova agus a fhírinní luachmhara? An léiríonn siad meas ar chaighdeáin Dé? An bhfuil sé de mhisneach acu mé a cheartú nó an mbíonn siad ina dtost nuair atá mé dul ar strae? (Sean. 27:5, 6, 17) Mura bhfuil grá ag do chairde d’Iehova, ní theastaíonn siad uait. Ach má tá cairde agat a bhfuil grá acu do Iehova, coinnigh leat iad—beidh siad go maith duit!—Sean. 13:20.
Seoda Spioradálta
w06 9/15 19 ¶12
Buaicphointí ó Leabhar na Seanfhocal
27:21. Is féidir le moladh léargas a thabhairt ar an sórt duine muid féin. Is daoine uirísle muid má spreagann an moladh muid chun ár mbuíochas d’Iehova a léiriú agus leanúint ar aghaidh ag freastal air. Ach má cheapann duine go bhfuil sé níos fearr ná duine eile nuair a fhaigheann sé moladh léiríonn sé seo easpa umhlaíocht.
25-31 LÚNASA
SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 28
Na Difríochtaí Idir an tUrchóideach agus an Fíréan
w93 5/15 26 ¶2
An Leanann Tú Iehova go hIomlán?
“Tá an fíréan chomh cróga le leon.” (Seanfhocail 28:1) Cleachtann siad a gcreideamh, braitheann siad go muiníneach ar Bhriathar Dé, agus leanann siad ar aghaidh i seirbhís Iehova in ainneoin contúirtí.
it-2 1139 ¶3
An Tuiscint
Iad siúd a thugann cúl don Fhoinse. An té a thosaíonn ar droch-chúrsa tá sé ag diúltú do Dhia mar fhoinse le cur san áireamh agus é ag déanamh cinntí agus pleananna. (Iób 34:27) Ligeann a leithéid de dhuine dá chroí dallamullóg a chur air ó thaobh a bhealaí míchearta agus fágtar gan léargas é. (Salm 36:1-4) Fiú má mhaíonn sé go bhfuil sé ag adhradh Dé, cuireann sé orduithe daonna chun cinn in áit orduithe Dé; mar is fearr leis iad. (Íse 29:13, 14) Déanann sé leithscéal dá dhrochiompar ag rá nach bhfuil ann ach píosa “spórt” (Sean 10:23) agus bíonn sé claonta, brúidiúil, dúr ina réasúnaíocht, agus é ag glacadh leis nach bhfeiceann an Dia dofheicthe a éagóir, amhail is nach dtuigeann Dia a bhfuil ar siúl aige. (Salm 94:4-10; Íse 29:15, 16; Ir 10:21) De réir a ghníomhartha tá sé ag rá, “Níl aon Dia ann” (Salm 14:1-3) agus fágann sé ‘ar láthair Iehova.’ Mar nach bhfuil sé treoraithe ag prionsabail dhiaga, ní féidir leis breith a thabhairt ar chúrsaí i gceart, na saincheisteanna ná na cúinsí atá i gceist a mheas, agus na cinntí cearta a dhéanamh.—Sean 28:5.
it-1 1211 ¶4
An tIonracas
Is féidir a leithéid de chúrsa ionracais a leanúint trí chreideamh agus muinín in Iehova agus ina gheallúint go sábhálfaidh sé muid. (Salm 25:21) Gheall Dia go mbeidh sé ina “sciath” agus ina ‘dhún daingean,’ ag cosaint slí na ndaoine a bheidh ag siúl le hionracas. (Sean 2:6-8; 10:29; Salm 41:12) Tugann an díocas leanúnach atá orthu a bheidh dílis d’Iehova seasmhacht dá saol, rud a ligeann dóibh a spriocanna spioradálta a bhaint amach. (Salm 26:1-3; Sean 11:5; 28:18) Dúirt Iób go mearbhlach, go bhféadfadh an dream atá saor ó locht fulaingt mar gheall ar smacht an drochdhuine agus go bhfaighidís bás in éineacht leis na drochdhaoine, dearbhaíonn Iehova go n-aithníonn sé an duine gan locht agus go mbeidh a thodhchaí síochánta, agus deireadh maith aige. (Iób 9:20-22; Salm 37:18, 19, 37; 84:11; Sean 28:10) Mar a tharla i gcás Iób, is é ionracas an duine seachas a shaibhreas, a dhéanann luachmhar d’Iehova é. (Sean 19:1; 28:6) Is méanar do na páistí a bhfuil sé de phribhléid acu a leithéid de dhuine a bheith mar thuismitheoir acu (Sean 20:7) ag fáil oidhreacht iontach ó shampla a n-athar agus ag baint sult as a dhea-ainm.
Seoda Spioradálta
w01 12/1 11 ¶3
Is Féidir Leat Taom Croí Spioradálta a Sheachaint
Rómhuiníneach. Bhí go leor daoine a fuair taom croí an-mhuiníneach faoina gcuid sláinte díreach roimh a dtaom croí. Is minic a chuirtear scrúduithe leighis ar an méar fhada, ag rá nach bhfuil iontu ach cur amú ama. Mar an gcéanna, b’fhéidir go mothaíonn daoine áirithe, ós rud é gur Críostaithe iad le tamall anuas, nach bhféadfadh aon rud tarlú dóibh. B’fhéidir go mbeidís ag moilliú féinscrúdú spioradálta a dhéanamh orthu féin nó go dtí go dtarlaíonn tubaiste. Tá sé ríthábhachtach an dea-chomhairle a thug an t-aspal Pól a choinneáil i gcuimhne: “An té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.” Ba chóir dúinn ár nádúr neamhfhoirfe a admháil agus sinn féin a scrúdú go spioradálta ó am go chéile.—1 Corantaigh 10:12; Seanfhocail 28:14.